118
Ṡaoil sé féin naċ raiḃ cosán fliuċ, bóiṫ- rín salaċ, ná bealaċ cam cnapaċ contrálta annsa’ g-condaé nár ṡiuḃail sé an oiḋċe sin.
Nuair ṫigeaḋ smúid tar an ngealaiġ do ḃíḋeaḋ an oiḋċe air uairiḃ an-ḋorċa, agus ṫuiteaḋ sé go minic. Air uairiḃ ġortaiġ sé é féin agus air uairiḃ ṫáinig sé saor, aċt b’ éigin dó éiriġe air an móimid agus deifir ṁór ḋeunaṁ. Cor uair do ḃriseaḋ an ġealaċ amaċ go geal, agus ann sin ḋearcaḋ sé ’nna ḋiaiġ agus d’ḟeiceaḋ sé na daoine beaga ’gá leanaṁaint air a ċúl, agus ċua- laiḋ sé iad ag caint agus ag cómráḋ eatorra féin, ag béiceaḋ agus ag sgrea- daoil mar ealta faoileán, agus dá ṡaorfaḋ sé a anam nior ṫuig sé aon focal d’á raib siad ag ráḋ. Ni raiḃ ḟios aige cá ḟad do ṡiuḃail sé, nuair ġlaoḋ ceann aca leis “fan ann so.” Ṡeas seisean, agus ċruin- niġ siad uile ’nna ṫimcioll. “An ḃfeiciḋ tu na sean-ċrainn seargṫa sin,” ar san sean-ḃuaċaill liaṫ leis, “is ameasg na g-crann sin tá Teampoll Démuis, agus caiṫ- fiḋ tu dul asteaċ ann anois, aċt ni ṫig linne teaċt leat. Caiṫfimíd-ne d’ḟágḃáil ann so. Téiḋ air d’aġaiḋ, agus bí dána,”