123
no cúig slata níos foigse do’n doras, agus ṫoisiġ sé ag togḃáil na leac arís, ag iar- raiḋ leabuiḋ eile do’n ċorpán do ḃí air a ḋruim. Ṫóg sé trí no ceiṫreleaca, agus ċuir se air leaṫ-ṫaoiḃ iad, agus ann sin ṫoċail sé an ċréafóg. Ní fada ḃí sé ’gá toċailt nuair noċtaiġ sé sean-ḃean lom gan snáiṫe uirri aċt a léine, do ḃí curṫa annsan áit sin. Ḃí sise níos beóḋa ’ná an ċeud-ċor- pan, mar is air éigin ṫóg sé cuid de’n ċréafóig dí, nuair ṡuiḋ sí suas agus ṫosaiġ sí ag bársáil. “Ho! a ḃodaiġ, ha! a ḃodaiġ,” ar sí, “ḃfuil sé ’g am’ ḃuaiḋreaḋ! cá raiḃ sé féin no cá ’r ċaiṫ sé a ṡaoġal naċ ḃfuair sé leabuiḋ, naċ ḃfuair sé leabuiḋ?” Ṫarraing Taḋg boċt air ais, agus d’ḟan sé ’nna ṫost, agus nuair ċonnairc sí naċ raiḃ sí fáġail freagarṫa, ḋruid sí a súile go mall, agus ċaill sí a lúṫ agus ṫuit sí go ciúin air ais faoi ’n gcréafóig. Rinne Taḋg léiṫe mar rinne sé leis an ḃfear, ċaiṫ sé an ċréafóg air ais uirri, agus d’ḟág sé na leaca os a g-cionn.
Rinne sé toċailt arís anaice leis an doras, aċt sul ċaiṫ sé níos mo ’ná cúpla sluasad de’n gcré amaċ ṫug sé láṁ ḋuine faoi deara, do noċtaiġ sé leis an spáid.