125
“Ní ’l eólas agam air an mbealaċ,” ar sé. Coṁ luaṫ agus laḃair sé an focal do ṡín an corpán an láṁ ċlé (do ḃí fáisgṫe air a ṁuinéul) amaċ go h-obann, agus ċong- ḃaiġ sé í roiṁe ’gá ṫaisbéant dó an ḃealaiġ buḋ ċóir dó leanaṁaint. Lean Taḋg an bóṫar, ’sa ’mbealaċ a raiḃ na meura sínte, agus cuaiḋ sé amaċ as an g-Cill. Fuair sé é féin air an tsean-ḃóṫar cnapaċ cloċaċ agus ṡeas sé arís gan ḟios dó cia an taoḃ buḋ ċóir dó ṫionntóġ. Ṡín an corpán a láṁ ṫana amaċ arís, agus ṫaisbéan sé ḋó an bóṫar eile, naċ dtáinig sé suas nuair ḃí sé ag tarraing ċum an t-sean-ṫeampoill. Ċuaiḋ Taḋg air aġaiḋ annsa’ mbóṫar sin, agus ċoṁ minic agus ṫigeaḋ sé go h-áit ann a raiḃ bóṫar no cosán buailte air an mbóṫar ann a raiḃ sé ag siuḃal, do ṡíneaḋ an corpán a láṁ amaċ arís ag taisbéant an ḃealaiġ ċirt dó. B’iomḋa crosḃóṫar do ionntaiġ sé, agus b’iomḋa bóiṫrín cam do ṡiuḃail sé, no go ḃfacaiḋ sé sean-roilig uaiḋ, air deire, air ṫaoiḃ an ḃóṫair. Ḃí rud innti, ċosṁúil le teampoll no teaċ mór briste síos, aċt ní raiḃ aon t-séipeul ’ná teampoll ann. D’ḟáisg an corpán go teann é, agus stad Taḋg. Duḃairt an corpán ann a ċluais