129
mbeiḋeaḋ go raiḃ trí no ceiṫre cloċa móra do ḃí nios cosṁúile le carraigiḃ ná le ċlo- ċaiḃ ag gaċ ceann de’n ḃalla, ní raiḃ aon rud eile ann do ṫaisbéanfaḋ dó gur cill no roilig do ḃí ann. “An g-cuirfiḋ mé ann so ṫu, an é seo Imleóg-ḟada?” ar Taḋg. “’Seaḋ,” ar san guṫ leis. “Act ní ḟeicim uaiġ air biṫ ann so, aċt carn cloċ,” ar Taḋg. Nior ḟreagair an corpán dó aċt ṡín sé amaċ a láṁ ḟada ḟuar gan ḟeóil annsa, líne buḋ ċóir do Taḋg dul air aġaiḋ.
Ċuaiḋ Taḋg air aġaiḋ, mar sin, aċt ḃí faitċios mór air, óir is maiṫ do ċuiṁniġ sé air an rud do ḃain dó ag an roilig ḋeirion- naiġ. Ċuaiḋ sé air aġaiḋ agus a ċroiḋe ag léimniġ mar éun mar duḃairt sé féin, aċt nuair ṫáinig, sé i ḃfoigse deiċ slat, no cúig slata deug o’n m-balla beag ceaṫar-ċoirne- ullaċ do ḃris amaċ teinteaċ a ḃí geal, buiḋe agus dearg, gorm agus bán, agus ḃí gaċ daṫ d’á ḃfuil annsan tuaġ-ḟearrṫanna ann agus ċuaiḋ sé ṫart ṫimcioll an ḃalla ann aon ċúrsa, agus riṫ sé coṁ luaṫ leis an ainleóig annsna speurṫaiḃ, agus dá ḟad d’ḟan Taḋg is luaiṫede riṫ an lasair, go raiḃ sé air deire go díreaċ mar ḟáinne geal dul timċioll na sean-roilige: agus níor ṡeud duine air biṫ