132
Taḋg an méad deifre d’ḟeud sé ḋeunamṁ go dtáinig sé ċum na Cille. Ḃí an séipéul ’nna ṡeasaṁ i lár na roilige, agus ní raiḃ an roilig féin aċt ’nna áit ḃíg ṡuaraiġ gan mórán uaiġ ann. Ṡiuḃail Taḋg go dána asteaċ tríd an ngeata fosgailte, agus níor ḃain rud air biṫ leis, ni ḟacaiḋ agus níor ċualaiḋ sé dadaṁ. Ṫáinig sé go dtí ceart-lár na cille, agus ṡeas sé suas ann sin, agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll ag iarraiḋ rud éigin, spáide no sluaisde le a ndeunfaḋ sé an uaiġ. Mar ṫionntaiġ sé ag dearcaḋ ṫart ṫim- ċioll air gaċ taoiḃ ċonnairc sé (rud do ċuir ionġantus mór air) uaiġ réiḋ deunta os a ċóṁair. Ḋruid se anonn ċuici agus ḋearc sé síos, agus do ċonnairc sé cóṁra duḃ innti. Ċuaiḋ sé síos annsan bpoll, ċoṁ maiṫ agus d’ḟeud sé agus ṫóg sé an folaṁ de’n ċóṁra agus fuair sé go raiḃ sé folaṁ mar ṡaoil sé. Is air éigin do ḃí sé imṫigṫe suas as an bpoll, agus ’nna ṡeasaṁ air an mbruaċ nuair sgaoil go h-obann an corpán no ḃí greamuiġṫe ann le níos mó ’ná oċt n- uaire a ḋá ríġ óna ṁuinéul agus a luirgne óna leasraċaiḃ, agus ṫuit sé siós le plap ann san g-cóṁra fosgailte. Ċuaiḋ Taḋg síos air a ḋá ġlúin air ḃruaċ na h-uaiġe agus ṫug