This page has been proofread.
LEABHAR SGEULAIĠEACHTA.
MONAĊAR AGUS MANAĊAR.
Bhi Monaċar agus Manaċar ann, fad o ṡoin, agus is fad o ḃi, agus dá mbeiḋeaḋ siad ann an t-am sin, ni ḃeiḋeaḋ siad ann anois. Ċuaiḋ siad amaċ le ċéile ag bain suġ-craeḃ, agus an méad a ḃaineaḋ Monaċar d‘iṫeaḋ Manaċar iad. Duḃairt Monaċar go raċaḋ sé ag iarraiḋ slaite a ḋeunfaḋ gad le croċaḋ Mhanaċair a d‘iṫ a ċuid súġ-craoḃ, agus ṫáinig se ċum na slaite.
“Gom-beannuiġiḋ Dia ḋuit,” ar san t-Slat. ”Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit.” ”C’ḟad a raċas tu?” Ag iarraiḋ slait’ a ḋeunfaḋ gad, a ċrocfaḋ Manaċar, a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.
Ní ḃfuiġiḋ tu mise ars an t-Slat go ḃ-fáġ’ tu tuaġ a ġearrfas me. Ṫáining se ċum na tuaiġe. ”Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit.”
2