137
sé an ceann dí. Ṫarraing sé luiḃ ġlas as a ṗóca. Ċuimil sé do’n ṁuineul í. Ní ṫáinig aon deór fola. Ċaiṫ sé an ceann annsan sgíléad. Bain sé feiṫeaṁ (fiuċaḋ) as. Rug sé greim air an dá ċluais. Ṫug sé leis as an sgiléad é. Ḃuail sé anuas air an muineul é. Ġreamuiġ an ceann ċoṁ maiṫ a’s ḃí sé ariaṁ. “Cad é mar aiṫniġeas tu ṫu féin anois?” “Tá mé coṁ maiṫ agus ḃí mé ariaṁ,” ar san inġean-an-ríġ. Sgairt (ġlaoḋ?) an fear mór. Ṫáinig an riġ aníos. Ḃi luṫġáire ṁór air. Ní leigfeaḋ sé air siúḃal iad air feaḋ trí lá. Nuair ḃí siad ag iṁṫeaċt ṫug sé aníos mála airgid. Ḋóirt sé air an tábal (bord) é. D’ḟiosruiġ sé de Niall o Cearḃuiḋ an raiḃ a ṡaiṫ aige ann sin. Duḃairt Niall “go raiḃ agus bárruiġeaċt, naċ nglacfaḋ siad aċt a leaṫ.” D’iarr an ríġ orra gan an t-airgiod do spáráil. “Tá inġean ríġ eile ag fuireaċt linn le sinn do ḋul ag aṁarc uirri.” D’ḟág siad slán ag an ríġ, agus d’imṫiġ siad ann sin. Ċuaiḋ siad ag aṁarc uirri. Ċuaiḋ siad san áit a raiḃ sí ’nna luiḋe, ag aṁarc uirri ann a leabuiḋ; agus an ċaoi ċeudna do léiġeasaḋ í seó. Ḃí an riġ buiḋeaċ agus dubairt sé gur