146
“Creud tá do ṁáṫair a’ deunaṁ ’sa’ m-baile anois?” “Tá sí ag gleus dínéir do’n riġ,” ar san fear óg. “Ní tu an mac ríġ,” ar san ċailleaċ. Ann sin ḃuail sí buille slai- tín-draoiġeaċta air, agus rinne cloċ ṁór dé. Ann sin ṫainig sí air ais ċum caisleáin an ríġ, ṫarraing sí an cuaile corraic agus duḃairt leis an ríġ, “Cuir amaċ do ṁac ċugam no leagfaiḋ mé an caisleán ort.” Do ċuir an ríġ amaċ mac cailliġe-na-g- cearc ċuici. Rug sí léite é go dtáinig sí ċum an ġuirt ġlais. Ann sin duḃairt sí leis, “Creud tá do ṁáṫair ag deunaṁ ’sa’ mbaile anois?” Tá sí a’ faire na g-cearc,” ar san fear óg. “Ní tusa an fear ceart” ar san ċailleaċ. Ṫug sí buille de’n tslaitín draoiġeaċta ḋo agus rinne cloċ dé. Ann sin ṫáinig sí ċum caisleáin an ríġ. Ṫarraing an cuaile-corraic agus duḃairt leis an ríġ, “Muna g-cuirfiḋ tu do ṁac amaċ ċugam an t-am so leagfaiḋ mé an caisleán ort. Ḃí faitċios air an ríġ agus ċuir sé amaċ a ṁac féin ċuici. Rug sí léiṫe é ċum an ġuirt ġlais agus d’ḟiafruiġ ḋé creud do ḃí a ṁáṫair a’ deunaṁ ’sa’ mbaile. “Tá sí ag caoineaḋ,” ar san mac ríġ. “Is tu an fear ceart,” ar san ċailleaċ. Ann sin ṫug sí