151
margaḋ, é do ṫaḃairt air ais an dara h-uair. Anuair naċ dtáinig an mac a ḃaile ag deireaḋ na dara bliaḋna ċuaiḋ an t-aṫair dá ṫóruiġeaċt. Ḃí sé ag siúḃal go dtáinig sé go teaċ an Ridire agus duḃairt leis, “Cad fá naċ dtug tu mo ṁac a ḃaile?” “Ní raiḃ sé ann mo ṁargaḋ,” ar san Ridire, “aċt tig leat é do ḃeiṫ agad air maidin amáraċ.” Lá air na ṁáraċ ṫug an Ridire an t-aṫair agus an mac leis, gur ḟág sé iad air ḃruaċ na fairrge. Ann sin duḃairt an mac, “Tá rásaiḋ móra le ḃeiṫ i nGailliṁ amáraċ, deunfaiḋ mé capall díom féin go ngnóṫuiġiḋ mé uile rása. Cuir uile ṗíġin a ṫig leat d’ḟáġail, orm; nuair a ḃéiḋeas na rásaiḋ ṫart tiucfaiḋ Ridire na Cleasa le mise do ċeannaċ, geoḃfaiḋ tu dá ċeud púnt orm; na sgar le mo ṡrian, agus béiḋ me ’sa’ mbaile róṁad féin.”
Air maidin lá air na ṁáraċ rinne an mac capall dé féin, le diallaid agus le srian óir. Ċuaiḋ an t-aṫair ag marcuiġeaċt air, agus ċuaiḋ ċum na rásaiḋ. Ġnóṫuiġ sé uile rása, agus fuair an t-aṫair dá ċeud púnt air, aċt níor sgar se leis an t-srian, agus ḃí an mac ’san mbaile roiṁe.