162
CAILLEAĊA NA FIACLA FADA.
A ḃfad ó ṡoin annsan t-sean-aimsir ṫáinig dream daoine uasal as B’l’acliaṫ go Loċ-glinne a’ seilg, agus ag iasgaireaċt. Chuireadar suas i dteaċ an t-sagairt mar naċ raiḃ aon teaċ-ósta annsa’ mbaile beag.
An ċeud lá ċuadar a’ seilg, ċuadar asteaċ bi g-Coill-ḋrimineaċ, agus níor ḃfada gur ruaig siad geirrḟiaḋ. Loisg siad iomḋa peiléur ’nna ḋiaiġ, aċt níor ḟeudadar a ṫaḃairt anuas. Leanadar dó go ḃfacadar é a’ dul asteaċ i dteaċ beag annsa’ g-coill.
Nuair ṫáncadar go dtí an doras, ċonnairc siad madaḋ mór duḃ, agus ní leigfeaḋ sé asteaċ iad.
“Cuir peileur ṫríd an mbeiṫeaṁnaċ,” ar fear aca. Do sgaoil sé peileur aċt ġaḃ an madaḋ ann a ḃeul é, ċogain, agus ċaiṫ air an talaṁ é. Sgaoileadar aon agus aon eile, aċt rinne an madaḋ an niḋ ceudna