164
Ṫáinig sean duine liaṫ ċuca agus duḃairt, “Is iad sin cailleaċa na fiacla fada a ḃíḋeann ’nna g-cóṁnuiḋe annsan teaċ beag úd ṫall, naċ ḃfuil ḟios agaiḃ go ḃfuil siad faoi ḋraoiġeaċt. Táid ann le ceudtaiḃ bliaḋain, agus tá madaḋ aca naċ leigfiḋ aon duine asteaċ ’sa’ teaċ beag. Tá caisleán aca faoi an loċ, agus is minic ċonnairc na daoine iad a’ deunaṁ seaċt n-eala ḋíoḃ féin agus a’ dul asteaċ ’sa’ loċ.”
Nuair ṫáinig na fir seilge a ḃaile an traṫnóna sin, d’innis siad gaċ niḋ d’á ḃfacadar agus d’á ċualadar air feaḋ an laé do’n tsagart, aċt níor ċreid sé an sgeul.
Lá air na ṁáraċ ċuaiḋ an sagart leis na fir (fearaiḃ) seilge, agus nuair ṫáncadar anaice leis an teaċ beag ċonnairc siad an madaḋ mór duḃ ag an doras. Ċuir an sagart a ġleus ḃeannuiġṫe faoi a ṁuineul, ṫarraing amaċ leaḃar, agus ṫoisiġ a’ léiġeaḋ urnaiġe. Ṫoisiġ an madaḋ mór ag taṫfant go h-árd. Ṫáncadar na cailleaċa amaċ agus nuair ċonnairc siad an sagart leigeadar sgread asta a ċluinneaḋ ann gaċ uile áit i n-Éirinn. Nuair ḃí an sagart tamall ag léiġeaḋ, rinne na cailleaċa preaċáin ingneaċ’ díoḃ féin agus