169
nuair d’ḟosgail an doras agus ṡiúḃail cailleaċ na fiacla fada asteaċ agus duḃairt. “Ṫáinig me le fuagraḋ do ṫaḃairt duit go mbéiḋmíd a’ fágḃáil na coille seaċtṁain on’ lá andiú. Ta aon niḋ aṁáin agam le h-iarraiḋ ort, má ḋeunfaiḋ tu ḋam é.” “Má tá sé ann mo ċúṁaċt agus gan a ḃeiṫ anaġaiḋ an ċreidiṁ deunfad e,” ar san t-easbog. “Seaċtṁain ó’n lá andiú béiḋ seaċt bpréaċáin-ingneaċ’ marḃ ag doras ár dtíġe ’sa’ g-coill. Taḃair orduġaḋ iad do ċur annsa’ g-cuiléar atá eidir an ċoill agus an baile-glas. Sin é an méad atá mé ag iarraiḋ ort.” “Deunfad sin má ṁairim beó,” ar san t-easbog. Ann sin d’ḟág sí é, agus ní raiḃ brón air, í d’imṫeaċt.
Seaċtṁain ó’n lá sin ṫáinig an t-easbog go Loċ-Glinne, agus an lá ’nna ḋiaiġ sin ṫug sé fir leis, agus ċuaiḋ go teaċ na g-cailleaċ annsa’ g-coill-ḋriminiġ. Ḃí an madaḋ mór duḃ ag an doras, agus nuair ċonnairc sé an t-easbog ṫoisiġ sé a’ riṫ agus níor stop go ndeacaiḋ sé asteaċ ’sa’ Loċ Connairc se na seaċt bpréaċáin-ingneaċ’ marḃ ag an doras, agus duḃairt sé leis na fearaiḃ, “taḃairiḋ liḃ iad sin, agus