181
sé croċta pósfaiḋ tú inġean mo ṁic, agus tar do ċóṁnuiḋe annsan g-caisleán só. Ná bíoḋ aon ḟaitċios ort róṁam-sa, mar béiḋ mise imṫiġṫe go suaiṁneas síorruiḋe; slán leat anois.”
Ċuaiḋ Dóṁnal ’nna ċodlaḋ, agus níor ṁúsgail sé go dtáinig an duine-uasal as- teaċ air maidin, agus d’ḟiafruiġ ḋé ar ċodail sé go maiṫ, nó cá ndeacaiḋ an sean- ḟear, a d’ḟág sé leis. “Innseóċaiḋ mé sin duit, am eile, tá sgeul fada agam le h-inn- seaċt (innsint) duit i dtosaċ.” “Tar go dtí mo ṫeaċ liom,” ar san duine-uasal.
Nuair ḃí siad a’ dul go dtí an teaċ, cia d’ḟeicfeaḋ siad a’ teaċt amaċ as na sgea- ṫaċaiḃ, aċt an fear boċt gan snáiṫe air, níos mó ’ná do ḃí air an oiḋċe a rugaḋ é, agus é ag craṫaḋ leis an ḃfuaċt. Fuair an duine uasal a ċuid eudaiġ ḋó, ṫug a ṫuarasdal dó, agus as go bráṫ leis. Ċuaiḋ Dóṁnal go teaċ an duine uasail,agus nuair d’ iṫ agus d’ ól sé a ṡáiṫ, duḃairt sé, “tá sgeul agam le h-innseaċt duit.” Ann sin d’ innis sé ḋó gaċ níḋ a ṫárla ḋó an oiḋċe roiṁe, go dtáinig sé ċoṁ fada leis an roinn i dtaoiḃ an óir. “Tar liom, go ḃfeicfiḋ mé an t-ór,” ar san duine uasal. Ċuadar go