188
nuiġeadar na daoine boċta, agus roinnea- dar an t-airgiod orra. Do ċeistiġ na daoine iad, creud do ċonnairc siad annsan g-cúirt. “Is rún, gaċ niḋ d’á ḃfacamar,” ar sna bráiṫre, “agus is é ár g-cóṁairle ḋaoiḃ-se gan dul anaice leis an g-cúirt, agus ní ṫiucfaiḋ aon anaċain orraiḃ.”
Ḃí na sagairt santaċ nuair ċualadar go ḃfuair na bráiṫre go leór airgid ’sa’ g-cúirt, agus ċuaiḋ an triúr aca le súil go ḃfuiġeaḋ siad-san mar fuair na bráiṫre.
“Nuair ċuadar asteaċ, ṫoisiġeadar ag blaoḋaċ (glaoḋaċ) “ḃḟuil aon duine ann so?” Ṫáinig Cronnán amaċ as ṡeómra, agus d’ḟiafruiġ, “creud tá siḃ ag iarraiḋ?” “Ṫancamar le carṫanas do ḋeunaṁ leat- sa,” ar sna sagairt. “Ṡaoil mé naċ raiḃ sa- gairt tugṫa d’innsint breug,” ar Cronnán, “Ṫáinig siḃ le súil go ḃfuiġeaḋ siḃ-se air- giod, mar fuair na bráiṫre boċta. Ḃí faitċios orraiḃ ṫeaċt, nuair ċuir na daoine fios orraiḃ, agus anois ní ḃfuiġiḋ siḃ cianóg mar ní fiú siḃ é.”
“Naċ ḃḟuil ḟios agad go ḃḟuil cúṁaċt againn le do ḋíbirt as an áit seó?” ar sna sagairt, “agus deunfamaoid úsáid de’n ċúṁaċta sin, muna mbéiḋ tu níos siḃialta