195
ar san triúr. B’é ainm an triúir mac Art Neart agus Ceart. Air maidin, lá air na máraċ, ṫug an ríġ sporán óir do gaċ aon aca, agus d’imṫiġeadar air siúḃal. Nuair ṫáncadar ċoṁ fada leis an g-cros-ḃóṫar duḃairt Art, “buḋ ċóir do gaċ aon dínn do ḋul bóṫar dó féin, agus má ṫágann aon dínn air ais roiṁ lá agus bliaḋain, fanaḋ sé go dtiucfaiḋ an ḃeirt eile ċuige, no cuireaḋ se cloċán suas mar ṁarc (coṁarṫa) go dtáinig sé air ais slán.”
Do sgaradar le ċéile, agus ċuaiḋ Art agus Neart go teaċ-ósda agus ṫoisiġeadar ag ól, aċt ċuaiḋ Ceart air aġaiḋ leis féin. Do ṡiúḃail sé an lá sin gan ḟios aige cá raiḃ sé a’ dul. Nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ċuaiḋ sé asteaċ i g-coill ṁóir agus ḃí sé dul air aġaiḋ go dtáinig sé go teaċ mór. Ċuaiḋ sé asteaċ agus d’ḟeuċ ṫart. Ní ḟacaiḋ sé aon duine aċt ċonnairc sé cat mór bán ’nna suiḋe le cois na teineaḋ. Nuair ċonnairc an cat é d’éiriġ sé agus ċuaiḋ asteaċ annsan t-seómra. Bí sé tuirseaċ agus ṡuiḋ sé ag an teine. Níor ḃfada gur ḟosgail doras an tseómra agus ṫáinig sean-ċailleaċ amaċ. “Ceud míle fáilte róṁad, a ṁic Ríġ Ċonnaċta,” ar san