197
sé sgríoḃṫa, “Is é seó suiḋeaċán luċd-siúḃail.” Do ṡuiḋ an mac ríġ síos agus faoi ċeann móimid’ ċonnairc sé an ḃean buḋ ḃreáġa san doṁan a’ teaċt ċuige, agus í gleusta le síoda dearg, agus duḃairt sí leis, “ċualaiḋ mé go minic gur feárr do ḋul air aġaiḋ ’ná air g-cúl.” Ann sin d’imṫiġ sí as aṁarc, mar do ṡluigfeaḋ an talaṁ í. D’ éiriġ an mac ríġ agus ċuaiḋ air aġaiḋ. Ṡiúḃail sé an lá sin go raiḃ dorċadas na h-oiḋċe ag teaċt air, agus ní raiḃ ḟios aige cia an áit a ḃfuiġeaḋ sé lóistín. Ċonnairc sé solas i g-coill agus ṫarraing sé air. Ḃí an solas i dteaċ beag. Ni raiḃ bonn cleite amuiġ ná bonn cleite astíġ ann aċt aon ċleite aṁáin a ḃí ag congḃáil suas an tíġe. Ḃuail sé an doras agus d’ḟosgail sean-ċailleaċ é. “Go mbeannuiġ Dia ann so,” ar san mac ríġ. “Ceud fáilte róṁad, a ṁic Ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ,” ar san ċailleaċ. “Cia an ċaoi ḃfuair tu eólas orm-sa?” ar san mac ríġ. “S í mo ḋeirḃṡiúr d’ oil ṫu,” ar san ċailleaċ, “suiḋ síos go ḃfáġ’ mé seire réiḋ ḋuit.” Nuair d’iṫ agus d’ól sé a ṡáiṫ ċuir sí ’nna ċodlaḋ é go maidin. Nuair d’éiriġ sé ġuiḋ sé air Ḋia é do ṫreóruġaḋ i mbealaċ a leasa. “Cá