209
ní stopfaiḋ mé go ḃfáġ’ mé amaċ aṫair mo ṁic. Ann sin fuair sí a cóiste draoiġeaċta agus dá eilit faoi. Ḃí sí ag imṫeaċt go dtáinig s go dtí an ċeud ṫeaċ a ḃfuair an mac ríġ lóistín ann, agus d’ḟiafruiġ an raiḃ aon strainséar ann go déiġionaċ. Duḃairt an fear tíġe, go raiḃ.
“Seaḋ !” ar san ḃainríoġan, “agus d’ḟág sé cloiḋeaṁ an tsolais ’nna ḋiaiġ, is liom- sa é, agus mur (muna) dtugaiḋ tu ḋam é go tapa, cuirfiḋ mé an teaċ bonn-os-cionn. Ṫugadar an cloiḋeaṁ dí, agus ċuaiḋ sí air aġaiḋ go dtáinig sí go dtí an dara ṫeaċ a ḃfuair sé lóistín ann, agus d’ ḟiafruiġ, an raiḃ aon strainséar ann go déiġionaċ. Du- ḋairt siad léiṫe go raiḃ. “Seaḋ!” ar sise, “agus d’ḟág sé builín ’nna ḋiaiġ; taḃair dam é go tapa, leagfaiḋ mé an teaċ orraiḃ.” Ṫug siad dí an buideul, agus d’ imṫiġ sí go dtí an treas ṫeaċ, agus d’ ḟiafruiġ an raiḃ aon strainséar ann go déiġionaċ. Duḃairt siad go raiḃ. “Seaḋ!” ar sise, “agus d’ḟág sé builín an aráin ḃuain ’nna ḋiaiġ, is liom-sa é sin agus muna dtugaiḋ siḃ dam é go tapa marḃfaiḋ mé siḃ uile.”
Fuair sí an builín agus ḃí ag imṫeáċt go dtáinig sí go Caisleán Buiḋe-ṡaṁnaiḋ.