211
ḃris sé a ċos. “Ní raiḃ tusa ag tobar Deire-an-Doṁain,” ar san ḃainríogan. Ann sin d’ḟiafruiġ sí de’n ríġ an raiḃ aon ṁac eile aige, agus duḃairt an ríġ go raiḃ “aċt is leaṫ-amadán é,” ar seisean, “nár ḟág an baile ariaṁ.” “Taḃair ann so é,” ar san ḃainríoġan. Nuair ṫáinig Ceart, d’ ḟiafruiġ sí ḋé “ an raiḃ tusa ag tobar Deire-an-Domain?” “Ḃíḋeas,” ar Ceart, “agus ċonnairc mé ṫusa ann.” Téiḋ suas go bárr an ḋréimire sin, ar san ḃainríoġan. D’imṫiġ Ceart suas mar ċat, agus nuair ṫáinig sé anuas duḃairt sí, “Is tu an fear a ḃí ag tobar Deire-an-Doṁain, agus is tu aṫair mo ṁic.”
Ann sin d’ innis Ceart an cleas a rinne na dearḃráiṫreaċa air, agus ḃí an ḃainríoġan dul iad do ṁarḃaḋ, gur iarr Ceart párdún dóiḃ. Ann sin duḃairt an ríġ go mbeiḋeaḋ an ríoġaċt ag Ceart.
“Má ṗósann sé mise, béiḋ ríoġaċt aige níos feárr ’ná iomlán Éireann,” ar san ḃainríoġan. “Pósfad ṫu agus raċad leat go tobar Deire-an-Doṁain,” ar Ceart.
Ann sin ġleus an t-aṫair é, agus ċuir slaḃra óir faoi na ṁuineul. Ċuaiḋ sé asteaċ sa’ g-cóiste leis an mbainríoġain agus d’im-