12
“Cad é an ḟallsacṫ a ṫiucfaḋ leat-sa a ḋeunaḋ?”
“Dá ḃfágfaiḋe me mo ṡeasaṁ ag taoiḃ ċruaiċe móna, cuir teine ann a ceann agus ni leigfeaḋ an ḟallsaċt dam corruġaḋ.”
“Ni’l ḟios agam cia agaiḃ a ndeunfaiḋ me an ċoill do.”
Ni táinig leis na tri ceiste d’ḟuasgailt agus ṫuit se as a ṡeasaṁ. Fuair se bás. Cuaiḋ an triúr air ais. Ḃi siad ’nna g-cóṁnuiḋe i g-cúirt an Riġ.
GOILLÍS NA G-COS DUBH.
Bhi buaċaill i g-condaé Ṁuiġ-Eó, agus nior niġ se cos o rugaḋ é. Goillís an t-ainm a ḃi air, agus mar naċ dtiucfaḋ le duine air biṫ do ċur d’ ḟiacaiḃ air a ċosa niġe, ṫug siad “Goillís na gcos duḃ,” air, mar ainm. Is minic duḃairt an t-aṫair leis, “éiriġ a stroínse agus niġ ṫu féin,” aċt diaḃal cos d’eireóċaḋ se, agus diaḃal cos niġfeaḋ se. ni raiḃ aon ṁaiṫ i g-caint leis. Bhiḋeaḋ uile ḋuine deunaḋ magaḋ faoi, mar ġeall air a ċosaiḃ salaċa, aċt ni raiḃ aon t-suim no beann aige ionnta. D’ḟeudfá