20
mo ḃannaiḋ go mbéiḋ se réiḋ go leór an párdún do ṫaḃairt duit ann sin.”
Ċuaiḋ Goillis suas ċuige, agus leag se a láṁ air a ġualain. Ṫionntuiġ an Pápa, agus nuair ċonnairc se Goillís ’nna ṡeasaṁ air a ċúl, sgannruiġ se. “Na bioḋ aon eagla ort,” ar Goillís, “tá sagart paráiste againne annsan mbaile, agus d’innis biṫeamnaċ eígin breug do d’ onoír dá ṫaoiḃ, agus briseaḋ é, aċt is é an duine is córa do ċonnairc d’ onóir ariaṁ agus ni’l fear ná bean ná páiste i m-Baile-na-d-tuataċ naċ ḃfuil i ngráḋ leis.”
“Bi do ṫost a ḃodaiġ” ar san Pápa, “Cár’ b’ as ṫu, no creud do ṫug ann so ṫu. Naċ ḃfuil glas agam air an doras.”
“Ṫáinig mise asteaċ air ṗoll na h-eoċraċ,” ar Goillís, “agus do ḃeiḋinn an ḃuiḋeaċ ded’ onoir.” Ġlaoḋ an Pápa amaċ, “cá ḃfuil mo ṁuinntir, ca ḃfuil na searḃóġantaiḋ! A Ṡéumuis! A Ṡeaġaín! tá me marḃ, ta me robálta!”
Aċt ċuir Ġoillís a ḋruim leis an doras agus nior ḟeud an Pápa a ḟosgailt mar ḃi faitċios air dul anaice le Goillís, aċt ni raiḃ aon áraċ (neart) aige air, agus b’éigin do eísteaċt le sgeul Ġoillís, agus nior