25
le ċéile ag ceann na h-alla ’n-áit a raiḃ altoír ḃreaġ ġleusta, agus ḋá easpog air a cúl, ag fanaṁaint le pósaḋ an ċailín, nuair ḃeiḋeaḋ an t-am ceart ann. Nior ḟeud duine air biṫ na Siḋeóga dḟeicsint mar duḃairt siad focal nuair ṫáinig siad asteaċ a rinne do-ḟeicsint iad, aṁail agus naċ raiḃ siad ann air ċor air biṫ.
“Innis dam, cia aca inġean an Riġ?” ar Goillís, nuair ḃi sé, ’g eíriġe rud-beag cleaċtaċ leis an toran agus leis an t-solas. “Naċ ḃfeiciḋ tu uait ann sin í,” ar san fear beag, a ḃi ag deunaṁ caint’ leis. Ḋearc Goillís mar a ṡín an fear beag a ṁeur, agus ann sin ċonnairc se an óigḃean buḋ ḃreáġa agus buḋ ḋeise do ḃi, dar leis, air ḋruim na talṁan. Ḃi an rós agus an lile ag troid le ċéile ann a h-eudan, agus ni ḃeiḋeaḋ ḟios ag duine cia aca fuair an ḃuaiḋ. Ḃi a riġṫe agus a láṁa mar an aol, ḃi a beul ċoṁ dearg le súġ-talṁan agus é apuiḋ, ḃi a cos ċoṁ beag agus ċoṁ h-eudtrom le láiṁ duine eile, ḃi a cruṫ mín agus seang, agus ḃi a gruag ag tuitim anuas d’á ceann ’nna mbúclaiḃ óir. Ḃi a culaiḋ agus a casóg fiġte le h-ór agus le h-airgiod, agus an ċloċ ġeal do ḃi ’san