41
Buḋ mar sin do ċaiṫ siad an aimsir air feaḋ na bliaḋna, go dtáinig lá d’ a raiḃ Goillís ’nna luiḋe leis féin air an ḃfeur, lá deirionnaċ de ṁi ḋeiriḋ an ḟóġṁair, agus é ag smuaineaḋ arís ann a inntinn féin air gaċ niḋ do ṫárla ḋó o’n lá a ċuaiḋ sé leis na Siḋeógaiḃ ṫar an t-saile. Ċuiṁniġ sé ann sin go h-obann gur b’ air oiḋċe Saṁna do ḃí sé ’nna ṡeasaṁ ag binn an tiġe nuair ṫáinig an fromán-gaoiṫe agus na siḋeóga; a’s duḃairt sé leis féin, “béiḋ oiḋċe Saṁna againn arís amáraċ agus seasfaiḋ mé san áit ċeuḋna do ḃí mé ’nuraiḋ, go ḃfeicfiḋ mé an dtiucfaiḋ na daoine maiṫe arís, b’éidir go g-cluinfinn no go ḃfeicfinn rud éigin do ḃeiḋeaḋ úsáideaċ dam, no do ḃéarfaḋ air ais a caint do Ṁáire (buḋ hé sin an t-ainm do ġlaoḋ sé féin agus an Sagart air inġin an Rig. mar naċ raiḃ ḟios ag ceaċtar aca cad é an t-ainm ceart a ḃí uirri).
D’innis sé an rud do ċuir sé roiṁe do’n tsagart, agus ṫug an sagart a ḃeannaċt dó.
Ċuaiḋ Goillís, mar sin, do’n t-sean-ráṫ, nuair ḃí an oiḋċe ag dorċuġaḋ, agus ṡeas sé le na uillin ċromṫa air ṡean-leic liaṫ ag fanaṁaint go dtiucfaḋ an meaḋon-