43
ḃfad uaiḋ ag teaċt, agus d’aiṫniġ sé air an gceud ṁóimid é, agus ḃí ḟios aige creud do ḃí ann. Ṁeudaiġ an toran agus i dtosaċ ḃí sé cosṁuil le bualaḋ na dtonn air ṫráiġ ċloċaiġ, agus ann sin inar ṫuitim easa ṁoír, agus faoi ḋeire mar stoirm árd i m-bárr na g-crann, agus ann sin ḃris an fromán-gaoiṫe asteaċ d’ aon ruaig aṁáin annsan raṫ ċuige, agus ḃí na Síḋeóga ann.
Ṫáinig sé ċoṁ h-obann sin gur ċaill sé a anál leis, aċt ṫáinig se ċuige féin arís air an mball, agus ċuir sé cluas air féin ag éisteaċt creud do ḋéarfaḋ siad.
Air éigin ḃí siad cruinniġṫe astiġ annsan ráṫ nuair ṫoisiġ siad uile ag géimniġ agus ag béiceaḋ, agus ag caint eatorra féin, agus ann sin ġlaoḋ gaċ uile ḋuine aca “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid,” agus ġlac Goillís meisneaċ agus ġlaoḋ seis- ean amaċ ċoṁ h-árd le duine air biṫ aca “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid, mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid!” agus sul do ḃi an focal go ceart as a ḃeul ġlaoḋ fear eile, “Ór! a Goillís, a ḃuaċaill! ḃfuil tu ann so arís linn? cia an ċaoi ḃfuil tu teact air aġaiḋ le do ṁnaoi? Ni’l aon ṁaiṫ ḋuit ḃeiṫ glaoḋaċ air do ċapall