49
Ḃí an ḃeirt ḟear i n-aṁras mór ag fanaṁaint no go ḃfeicfeaḋ siad an laiḃeóraḋ sí, no naċ laiḃeóraḋ, agus nuair d’ḟan siad ’nna dtost le cúpla móimid duḃairt an sagart léiṫe i ḃfraincís, “Ar ċodail tu go maiṫ a Ṁáire,” agus d’ḟreagair sísi, annsa dteanga ċeuḋna, “ċoḋlas, go raiḃ maiṫ agad.”
Ni luaiṫe ċualaiḋ Goillís í ag caint ná ċuir se sgread lutġáire as, agus riṫ sé anonn ċuici, agus ṫuit sé air a ḋá ġlún agus dubairt sé, “Mile buiḋeaċas le Dia do ṫug an ċaint air ais duit! a ḃean-uasal mo croiḋe laḃair liom!”
Do ṫuig an óig-ḃean maiṫ go leór é, mar ḃí sí ag éisteaċt le Gaeḋeilg dá laḃairt gaċ lá o ṫáinig sí go h-Éirinn, aċt mar ḃí sí balḃ go dti sin nior ḟeud sí oiread agus aon ḟocal dí a ráḋ, agus d’ḟreagair sí é i ḃFraincís, agus duḃairt sí gur ṫuig sí gurab’ é féin do ḃruiṫ an deoċ sin dí, agus do ṫug dí é, agus go raiḃ sí buiḋeaċ dé óna croiḋe, air son an ċineáltais uile do ṫaisbéan sé ḋi, o ṫáinig sí go h-Éirinn air tús agus go dtiucfaḋ leis ḃeiṫ cinnte naċ ndearmadfaḋ sí a ċinealtas go bráṫ.
Nior ṫuig Goillís oiread agus focal d’á