51
ḋúisiġ sí an dara h-uair, agus ḃí a caint aici coṁ maiṫ agus ḃí sí ariam. Ḃí luṫ- gáire ṁór air Goillís.
Ċuir an sagart biaḋ air an g-clár arís, agus d’iṫ siad le ċéile, agus ḃí Goillís boċt annsan gcaoi ċeudna ’nna raiḃ sé roiṁe sin. Nior ṫuig sé focal, agus ḃí náire ṁór air.
“Ná ċuir aon tsuim ann sin,” ar san sagart, “tá sí fóġlaim Gaeḋeilge uile lá, agus ni fada go dtiucfaiḋ léite a laḃairt coṁ maiṫ leat féin.
B’ ḟior do’n t-sagart é sin; agus sul d’ḟág Goillís an teaċ laḃair an ṁaiġdean uasal nios mó ná aon ḟocal aṁáin Gaeḋeilge, agus ṫuig sí uile rud do ḋéarfaḋ Goillís.
Ṫáinig Goillís o lá go lá do’n teaċ, agus ḃí sí ’g éiriġe nios tapa anna laḃairt gaċ lá, agus ḃí an carṫanas eatorra ag meuduġaḋ, mar naċ raiḃ duine air biṫ aici a laiḃeóraḋ léiṫe aċt Goillís agus an sagart, agus b’ḟeárr léiṫe Goillís.
B ’éigin dó innsint dí an ċaoi do ḃí sé annsan ráṫ nuair ṫáinig na daoine maiṫe, agus mar ċuaiḋ sé asteaċ ċum an Ṗápa, agus mar ṡéid an tSiḋeóg an teine as a ḃeul, agus gaċ uile rud do rinne sé go dti an t-am