56
annsin air feaḋ mórán uair, agus b’ḟaide leis gaċ móimid ’ná uair, agus gaċ uair ’ná lá.
D’éiriġ an ġrian air deire agus is é ḃí luṫġáireaċ nuair ċonnairc sé an ċeud ṡolas an taoḃ ṡiar dé. D’éiriġ sé air an mball aċt ṫosaiġ sé ag cuartuġaḋ ṫimċioll an ċrainn ṁóir ag feuċaint an ḃfeicfeaḋ sé cosaṁlaċt air biṫ d’á ḃain-tiġearna. Fuair sé sliġe beag o’n g-crann, an ciairsiúr do ḃí air a múineul, agus ceann dá láṁainniḃ, aċt nior ḟeud sé aon rud eile ṫaḃairt faoi deara. Ṫosaiġ sé ag breaṫnuġaḋ go geur air an talaṁ ann sin, agus ni raiḃ sé a ḃfad ag cromaḋ sios agus ag dearcaḋ, no go ḃfaca sé lorg coise móire, coise do ḃi an-ṁór, annsan ḃfeur bog, agus ṡaoil sé go raiḃ an áit rud-beag brúiġte sios. Ċrom sé e féin sios air an talaṁ arís, agus lean sé d’á ċuartugaḋ, go ḃfuair sé lorg na coise móire sin ag teaċt o ċeart-lár na coille, suas ċum an ċrainn faoi a raiḃ an ḃean óg ’nna codlaḋ, agus ag dul air ais arís do’n áit ċeudna.
Cia b’ é diaḃal no duine a raiḃ an ċos sin aige, ar sé, ann a intinn féin, tá mé cinnte gur b’ eisean ṫug mo ṁaiġistreas leis agus leanfaiḋ mé é, cia bé áit a