64
duḃairt sí go leigfeaḋ agus fáilte. Ṫáinig, air ṫeaċt an traṫnóna, inġean na sean-ċailliġe asteaċ, agus ḃí sí nios gránna agus nios duiḃe ’ná a máṫair, da mbuḋ ḟéidir. Rinne síse dá leabuiḋ tuiġe agus ċuir sí cuireaḋ air Ġoillis agus air an ógṁnaoi luiġe sios agus dul ’nna g-codlaḋ, “mar ḃí sí cinnte go raiḃ siad sáruiġṫe.” Ṫug siad buiḋeaċas dí, agus luiḋ siad sios, agus ṫuit an ḃainṗrionnsa ’na codlaḋ air an mball, aċt ni raiḃ aon spéis ag Goillís annsna cailleaċaiḃ, agus nior ċodail se néul, aċt leig sé air ’r eis seal beag, do ḃeiṫ ann a ċodlaḋ, agus ṫosaiġ sé ag srannfartaiġ.
Ċuaiḋ an ċailleaċ anonn ċuige le coinneal agus ċongḃaiġ sé os coinne a ṡuile í, aċt nior ċorruiġ sé agus ċuaiḋ sé air aġaiḋ ag srannfartuiġ, go raiḃ sí cinnte go raiḃ sé ’nna ċodlaḋ dáririḃ. Nuair ḃí sí sásta ag breaṫnuġaḋ airsean, ċuaiḋ sí anonn do’n ḃain-ṗrionnsa, agus d’aiṫniġ sí air an móimid go raiḃ síse ’nna trom-ċodlaḋ. Ċuaiḋ sí air ais ċum na teine agus ṫosaiġ sí ag caint go sáiṁ, le na h-inġin, aċt ċogair siad coṁ h-iosall sin nar tuig Goillís creud do ḃí siad ag ráḋ, aċt ḃí aṁrus agus faitċios air, naċ raiḃ aon rud maiṫ le deunaṁ