66
Ṫionntaiġ sé air a leabuiḋ tuiġe cúpla uair, agus leig sé osna no ḋo; le taisbéant don ċailliġ go raiḃ sé ag dúisiuġaḋ, agus ann sin ṡuiḋ sé suas annsa’ tuiġe, agus d’éiriġ sé.
Ċuaiḋ se anonn ċum na teine go socair, ag síneaḋ a láṁ agus ag osnaeiġil aṁail a’s mar ḃeiḋeaḋ an codlaḋ air fós, agus ṡuiḋ sé air stól beag ag an teine, agus ṡuiḋ an tsean-ċailleaċ ag taoiḃ eile an teaġlaiġ. Ṫosaiġ sé ’gá ṫéiḋeaḋ féin, agus d’iarr sé cóṁráḋ do ċur air bonn eidir é féin ’s an ċailleaċ, aċt d’ḟreagair sí go gearr agus go crosta é, ċoṁ minic agus d’ḟosgail sé a ḃeul. Ṡaoil sé go mbuḋ ḋroċ-ċosaṁlaċt é sin, agus ḃí sé ag éiriġe cinnte go raiḃ droċ- rún ag muinntir an tiġe seo.
D’ḟiafruiġ sé air deire ḋi, gan a imniḋe do leigint air, cá raiḃ a h-inġean imṫiġṫe uaṫa, agus d’ḟreagair an t-sean-ḃean go geur é, “Ni ḃaineann sé ḋuit-se cia bé áit a ḃfuil sí imṫiġṫe, ní h-é sin do ġnóḋ-sa.
B’ iomarcuiḋ é sin dó. Rinne sé aon léim, agus rug sé air sgórnaiġ na cailliġe agus ṫuit sí faoi, le sgread áiḋḃeul a ḋúisiġ inġean-an-Rig “Damnaḋ siorruiḋ