71
tráṫ do luiḋ sí faoi an g-crann ’nna h-aonar.
Ċuaiḋ siad suas annsan g-crann buḋ ṁó aca, a raiḃ a ġeugáin anaice leis an talaṁ, agus ċuaiḋ Goillís air dtús, agus ṫarraing sé inġean-an-riġ ’nna ḋiaiġ. Ni raiḃ siad ḃfad i ḃfolaċ ann sin, no gur ċualaiḋ siad toran mór ag teaċt, mar ḋuine éigin ag briseaḋ tríd na sgeaċaiḃ agus ag brúġaḋ na g-cipín faoi na ċois. Ṫáinig an rud nios foigse agus nios foigse, agus faoi ḋeire ċonnairc siad go soilleír gurb’ é an faṫaċ do ḃí ann, agus ḃí inġean na sean-ċailliġe ag riṫ le na ṫaoiḃ. Ċuaiḋ siad ṫart, go díreaċ faoi an g-crann ann a raiḃ an ḃeirt ’nna suiḋe, agus ċualaiḋ siad é ag ráḋ le h-inġin na cailliġe, “buḋ ċóir dúinn ḃeiṫ i n-am le breiṫ orra, ni raċa sise as mo láiṁ arís, is faide liom ’ná uair gaċ móimid no go leagfaiḋ mé mo ṁeura uirri.”
Do ċraiṫ an ḃean óg nuair ċualaiḋ sí na focla áiḋḃeula sin, agus rug sí air láiṁ Ġoillís, agus d’ḟáisg sí í, le taisbéant dó an méad buiḋeaċais do ḃí aici air son a ċóṁairle-sean an boṫán d’ḟágḃáil go tráṫaṁail. Ċuaiḋ an faṫaċ agus a ċomráid