84
an g-córda atá ag ceangailt do ḋá láiṁ, agus iad do ṡíneaḋ amaċ go socair, go dtiucfaḋ na luċóga agus go mbeiḋeaḋ siad ag cogaint an ċórda agus ag iṫ an ime no go ngearrfaḋ siad an tsrang faoi ḋeire. An dtig leat an t-im ċuimilt leis an g-córda?”
“Feucfaiḋ mé,” ar Goillis, agus ċuaiḋ sé ag strapaireaċt anonn do’n im coṁ maiṫ agus d’ḟeud sé, agus ċuir sé a ḋá láim suas, agus ċumuil sé an córda leis an im no go raiḃ sé bealuiġṫe go maiṫ leis; agus ann sin ċrom sé sios agus ṡín sé a ḋá láiṁ amaċ uaiḋ air an urlár agus d’ḟan sé go socair gan oiread agus cor do ċur as.
Ni fada d’ḟan sé ann, go ḃfuair na luċóga bolaḋ an ime, agus ṫáinig siad o gaċ coir- neul agus clúid le feicsint cá ’r b’ as do ḃí an bolaḋ ag teaċt. Ċuaiḋ siad suas ċuige go mall agus iad sgannruiġṫe i dtosaċ, aċt nuair fuair siad naċ raiḃ sé ag cur cor as féin d’éiriġ siad dána agus ṡeas ceann aca air a láiṁ agus ṫosaiġ se ag liġe an ime. Nuair ċonnairc na cinn eile sin, ṫái- nig siadsan suas le ċéile agus ṫoisiġ siad ag liġe agus ag iṫ agus ag cogaint go raiḃ croicionn a láṁ strácṫa leó, mar ḃí an