Sort breac-aistriú a dheineadh an Gearaltach i gcomhnuidhe. Isé theastuigheadh uaidh ná a thabhairt dá léightheóir an tuairim chéadna agus an aigne chéadna a gheóbhadh an léightheóir dúthchais as an aiste bhunadhsaigh.
III.
Focal Peirsise iseadh Rubáiiát; is ionann é agus an focal Gaedhilge ceathramhna. Acht saghas fé leith ceathramhan iseadh é. Bíonn cheithre líne innti. An líon céadna siollabh ingach líne sa cheathramhain. Agus is gnáthach an líon san éagsamhail ón gceathramhain go chéile. Comhfhuaim, no rím, ar thrí line, ar a laighead, den cheathramhain. Is gnáthaighe easnamh ríme ar an tríomhadh líne; acht tonn na cainnte d'éirighe i ndeireadh an tríomhadh líne agus a ísliú arís sa cheathramhadh líne. Sa bhunamhrán bíonn an rím do réir uird aibghitreach ó cheathramhain go ceathramhain. Agus sin a mbíonn de cheangal eatortha.
Níl aon deimhin ar an fhaid a bhí i bpríomhaiste Omár. An chóib is girre dhe tá 158 ceathramhna ann; agus an ceann is sia, tuairim is chúig céad. Isé rud do dhein an Gearaltach ná na cinn a bfheárr leis a phiocadh as agus iad d'aistriú. Ceathramha agus céad atá aige san aiste seo annso. Acht ba ghnáth leis an nGearaltach bheith ag ceartú ar a shaothar féin, ag cur leis agus ag baint de. Agus deirtar gur uaidh féin a chuir sé an chéad cheathramha ann.
Isé an ceathramhadh cur amach ar shaothar an Ghearaltaigh atá aistrighthe annso. Chun an tonn cainnte dfhagháil sa Ghaedhilg, agus aithris ar an uireasbha ríme san tríomhadh líne, do dheineas