XXXV.
N-a dhiaidhsan thárla an t-árthach cré seo dham, Is d'iarras, trá, fios fáth mo scéilse air; 'Sé dubhairt 's sinn béal le gob: "O's iadh go bráth An t-iadh fé chlár, ná stán let rése ón ndigh."
XXXVI.
An t-árthach cóir dá ghlór a fhreagair mo ghuais, Ba shámh, dhom dhóigh, chun óil 's chun marthana é uair; 'S an beól tré charrbhas suairc dar dháileas póg, Nár bhreágh leis póga a thóbhairt 's a ghlacadh go buan.
XXXVII.
Mar is meabhair liom lá ar mo stáir gur dhearcassa céird Fear dealbhtha árthach thárla ag leadairt ar chré; 'S má b'áis gan teangain an chré, níor bhalbh í i gcás, 'S do labhair go tláth: "A bhráthair cheana, go réidh!"
XXXVIII.
Nach eól díbh scéal mar é dhruid chughainn anuas, Ghá chórú i gcéill do réir na nglún do ghluais, An chré bhuig shúighte dhuairc dá sórd san caob I gclódh cheart daonna ón Saor dá cumhdach uair?
XXXIX.
'S an braon a doirtear de chorn na féile síos Sa chré seo, a shlogann go hocrach é n-a bruinn, Ca bhfios nár éaluigh síos chun créim do chosc
O ghlédhearc fholuigh bhí tuilleadh ann is ré na ríomh?
15