XCV.
Dá mhéid a bhí an fíon neamhdhílis dam lem beó, 'S gur thréigeas dá dhruim ar fríth agam d'onóir, An druing seo i mbun tighthe óil, cadé a cheannuighid Is saordha 'ná an nídh seo a dhíolaid liom fé thómhus?
XCVI.
Mo chreach fhada an t-earrach go meathann is scáil na rós, 'S le caitheamh go stracathar meamram bláith na n-óg; Is Feallamhail lághach an cheóil do spreagadh go pras Cad as di? Cá ndeachaidh? Ní fheadair na fáidhe is mó!
XCVII.
Dá mb'áil le Luimreach an Tobair aon radharc amháin Dá thásc a nochtadh, nó i gcosmhaileacht taidhbhrimh trácht, Do lingfeadh le feidhm n-a dháil an fánuidhe bocht Mar fhásaid bruibh as an gcosair ag leaghadh sa pháirc!
XCVIII.
Dá mb'áil le haingeal a flaitheas na glóire anall An cáirde a cheapadh dhon phaitinn seo róinn i n-am, Is atharrach sceóil, ó pheann a mháighistir thailc Dfhagháil n-a leabaidh, nó an sanus do ró-scrios lom!
XCIX.
Dá ndeinimís féin, a laogh, leis an nduine sin, cuir, Chun imtheachta claona an tsaoghail a thuiscint go bun, Nach tréan ó mhullach go troigh a bhrisfimís é,
'S é chumadh dá éis ar scéimh nur ghilide a chrut!
27