fuláir nó bhain sé tairbhthe as pé tabhairt suas a fuair sé.
Le linn a óige sin do bhí fear mór léighinn is feallsamhnachta, darbh' ainm Mowafac, go raibh scoil aige i Naíseápúr. Thug Omár roinnt bhlianta ar a scoil sin agus isé is dóichighe gurab ann a chríochnuigh sé a scoluidheacht.
Bhí comhscoláire aige sa scoil sin, agus Nizám ul Mulc an t-ainm a bhí air. Ogánach tuiscionach inntleachtúil ab eadh é sin agus d'eirigh coidreabh agus báidh idir an mbeirt. Blianta n-a dhiaidh san do dhein fear cinn stáit de Nizám ul Mulc, agus nuair a bhí an comhacht aige níor dhearmhaid sé Omár.
Tar éis na scoile dfhágaint d'Omár, is cosmhail nach ró-mhaith d'éirigh an saoghal leis. Bhí an dúil sa léighean aige i gcomhnuidhe, acht níor leór san chun é choimeád n-a bheathaidh. "Ní chothuighid na briathra na bráithre." Do thuit sé i ndealbhas, agus b'éigin dó claoi le céird chun greim bídh is bolmac a choimeád dó fhéin. Céird na bpuball do dhéanamh a tharraing sé chuige, agus isé is dóichighe gur óna athair a fuair sé é. Acht ar nós Dhonnchadh Ruaidh agus gairm an mháighistir scoile, "a rún don phobul gur follamh an chéird sin": ba shuarach an acmhuing d'Omár an chéird a bhí aige féin. Nuair a dhein fear cinn stáit de Nizám ul Mule, d'imthigh Omár ag triall air, agus d'iarr aisce air.
Dfhiafraigh Nizám de cadé an aisce a bhí uaidh.
"Isé aisce is mó a fhéadfá a thabhairt dam," arsa Omár, "ná leogaint dam maireachtaint i gcúil éigin fé scáth do mhórchómhachtsa, mar a bhféadfad tairbhthí na n-ealadhan do chraobhscaoile, agus faid saoghail agus sonus a ghuidhe dhuitse."
Thug Nizám ul Mule pínse dhá chéad déag mitcál óir
2