asam nuair d’ḟiafruiġeaḋ sí ḋíom an raiḃ aon tuairim agam cé’n uair a ṫiocfaḋ sé aḃaile. An ḃean ḃoċt! Ar uairiḃ, ċreid sí n-a croiḋe féin an sgéal bréagaċ ċeapamar do’n ṁáṫair; agus ba ḃreáġ an lón anma ḋi an creideaṁ sin ḃeiṫ aici.
Gaċ Aoine sgríoḃfaiḋe an litir ḃréagaċ do’n ṁáṫair ḋaill: ag Áine ḃíoḋ an peann, agus is ise ċeapaḋ an ċuid is mó de’n ċainnt; ḃéinn féin le n-a taoḃ ag cur léiṫi ó am go ham, aċt ba ḃeag an gáḃaḋ ḃí leis. Ṫuig sí croiḋe agus meóin an ḟir ḃí faoi’n gcré, agus is corr-uair ċliseaḋ an focal feileaṁnaċ uirri. Ṫiuḃrṫá an leaḃar go mbíoḋ a ṫaise le n-a taoḃ ag treóruġaḋ a peanna agus a smaointe....
Ḃí sí lá agus an peann i ngreim aici. Leag sí uaiṫi é agus ṫosaiġ sí ag féaċaint róimpi go smaoin- teaċ. Níor ċuireas isteaċ uirri ar feaḋ i ḃfad. I ndeireaḋ na dála, ṫóg mé na súile agus ḋearc mé isteaċ n-a súiliḃ siúd—nár ḟeiciḋ mé an doiliġeas céadna i súiliḃ aon ṁná eile arís ċoiḋċe....
Níor leig sí uirri gur ṫug sí faoi deara an ċaoi d’ḟéaċ mé uirri. Ní ḋeárna sí aċt osna beag a sgaoileaḋ uaiṫi agus breiṫ ar an bpeann arís. Ċuir sí síos go cruinn ar an saoġal ḃí ag na buaċaillí i ḃFrongaċ; laḃair sí faoi’n gcampa ṫuaiḋ agus ċuir sí i gcomórtas leis an gcampa ṫeas é; sgríoḃ sí giota magaṁail faoi na gárdaiḃ; ċuir sí cuid de na fearaiḃ ḃí faoi ġlas i n-aiṫne do’n ṁáṫair ar ḋóiġ aéraċ spóirteaṁail.
Léiġ sí amaċ an giota deireaḋ sgríoḃ sí:—
“Dá mbéaḋ barabóir annseo,” ar sise, “ḋéanfaḋ