ḟiafruiġe ḋe céard a ḃí an fear eile seo ag iarraiḋ a ḋéanaṁ air, nó an raiḃ sé féin i n-aon ċontaḃairt uaiḋ.
“Déanfad é,” ar sise go mall, “ní ċuirfiḋ sé isteaċ ort anoċt.”
Ċraiṫ Peadar láṁ léiṫi go beannaċtaċ.
“Beiḋ ḟios agad uair eile cé’n fáṫ gur iarr mé ort é sin a ḋéanaṁ,” ar seisean, agus d’ḟéaċ sé uirri ar a nós aisteaċ féin: d’aiṫniġ an dá ċiaróg a ċéile....
Ċaiṫ an bleaċtaire agus bé an tsiopa seandaċta cuid de’n oiḋċe le ċéile i nÁrus Ceóil; ḃí gliondar air gur ġlac sí le n-a ċuireaḋ. Ḃí sé cainnteaċ go leór léiṫi; d’innis sé di go raiḃ páiḋe ṁaiṫ aige, go raiḃ posta faoi’n riaġaltas aige, go mbéaḋ pinsiún aige i ndeire a ṡaoġail.... maraċ gur ḃain an druma mór geit as d’iarrfaḋ sé uirri é ṗósaḋ! Aċt níor ċuala sí móran dá ċuid cainnte agus an méid ar ċuala sí ní raiḃ aon áird aici air; glór an ḟir eile ḃí n-a cluasaiḃ, a ḋealḃ agus a ċrot ḃí ós coṁair a ḋá súil i riṫ na hoiḋċe agus imniḋe uirri go raiḃ sé i gcontaḃairt. Dá ḃféad- faḋ sí caḃruġaḋ leis!
Ní raiḃ an bleaċtaire aċt leaṫṡásta nuair sgar sé léiṫi. Ṡílṫeá go ḃféadfaḋ sí áird níos feárr ṫaḃairt ar a ġlór; aċt leis an aimsir, d’eiriġeaḋ leis níos fearr—corr-ḃean naċ ngéillfeaḋ ḋó-san sa deireaḋ; ṫáinic cosaṁlaċt na mórċúise air....
Ag seo cuid ḃeag de’n tuairisg ċuir sé isteaċ an oiḋċe sin:—
“Ó’n 6 a ċlog go dtí 10.30 san oiḋċe i Sráid na