paidir i ndiaiḋ paidir’ ḋe go dúṫraċtaċ. Ṫagaḋ creaṫaḋ air ó am go ham. Ḃí a ċeann faoi aige, agus a éadan sáiṫte sa leabaiḋ, aċt ṫigeaḋ pictiúr i ndiaiḋ pictiúir ós coṁair a ḋá ṡúl dá ḃuiḋeaċas.
Cúinne de ṡeómra i gCaisleán Áṫa Cliaṫ is mó d’ḟeiceaḋ sé. Tolg ann; fear gonta n-a luiġe air; a ċolann gan bríġ; a anam ar lasaḋ le díograis agus le dílse....
D’eiriġ an bleaċtaire dá ġlúnaiḃ. Ċroċ sé suas an paidrín ós cionn a leapṫan féin. Ċraiṫ sé uisce coisreagan ar a ḃaiṫis. Ṡuiḋ sé cois na fuinneóige, agus d’ḟéaċ amaċ ar an tsráid. Aċt ní hí an tsráid a ċonnaic sé. Ní heaḋ. Idir na daoine ḃí ag gaḃáil ṫart ṫiocaḋ an pictiúr céadna seo arís agus arís eile.... D’ḟeiceaḋ sé an cúinne céadna de’n tseómra sin san gCaisleán; tolg ann; fear gonta n-a luiġe air; a ċolann gan bríġ; a anam ar lasaḋ le díograis agus le dílse....
Ċuaid stócaċ óg ṫart ar an tsráid ṡíos faoi agus ag gaḃáil ḟuinn. Ḃí an ḟuinneóg ar osgailt, agus ċuala sé an ċéad ċuid de’n aṁrán; aċt de réir a ċéile ṡílṫeá gur aṫruiġeaḋ an port, gur focla eile ḃí ġá gcanaḋ ag an stócaċ.
An ċainnt seo ḃí ġá canaḋ ag an stócaċ dá mb’ḟíor do ċluasaiḃ an ḃleaċtaire:—
“An fada ó ċuir tú aiṫne ar an bpríosúnaċ i dtosaċ?”
Oifigeaċ airm a ċuir an ċeist air. Ḃí dream beag eile aca ṫart ar an tolg aċt ní raiḃ áird ag an ḃfear gonta ḃí faoi ṫriáll orra.
“Trí bliaḋna go leiṫ.”