Beirt Ḃan Misneaṁail
Do hinnsiġeaḋ an sgéal seo ḋom le goirid:—
Tá aiṫne agam ar ṡeanṁnaoi atá dall le bliaḋantaiḃ fada. Baintreaḃaċ atá innti, agus ní heól dom go raiḃ aici ariaṁ aċt an t-aon ṁac aṁáin.
Baintreaḃaċ agus í dall—ṡílṫeá ó’n gcainnt sin gur bean ḃoċt ḃéaḋ innti; ṡíleas féin i dtosaċ é nuair fuaireas a tuairisg. Aċt ḃí dul-amuḋa orm agus dul-amuḋa mór. Bean ṡaiḋḃir í; dá mbéaḋ an céadṁaḋ cuid dá maoin agamsa d’ḟéadfainn gan faic a ḋéanaṁ le mo ḃeó.
Ċuireas aiṫne uirri i dtosaċ na Bealtaine atá imṫiġṫe ṫart. Cuireaḋ ann mé ar ṫeaċtaireaċt; aċt nuair ċonnaiceas an t-árus maorda, agus an ċosaṁalaċt ḃí ar an uile rud ṫart ann, ṡíleas ár ndóiġ naċ raiḃ mé san áit ar cuireaḋ mé— searḃóġantaiḋṫe agus ’ċ aon tsórt ṫart orm gaċ uile ċoisméag a ṡiuḃalfainn! Agus duḃraḋ liom cuairt ṫaḃairt ar ṡeanḃean ḋaill ḃí n-a coṁnaiḋe sna sléiḃte i gCill Manntain!
Seólaḋ isteaċ sa seómra mé.
Ḃí sise ann róṁam: bean ċaol ċaiṫte, aġaiḋ bán leigṫe uirri agus cosaṁalaċt ar an uile ḃall di go raiḃ sí mórċúiseaċ mórḋálaċ. Is maiṫ is cuiṁneaċ
liom an ċéad aṁarc sin: ḃí gúna duḃ síoda uirri,
77