CAIBIDIOL A DÓDHEUG.
Nóra.—Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní raibh ceangal ar Shéadna gan pósadh.
Peig.—Is dócha, a Nóra, go raibh ceangal air gan an éagcóir a dhéanamh.
Nóra.—Ní h‑é sin a thuig Máire Ghearra uaidh, ach go raibh ceangal fé leith i láthair Dé air, mar bhéadh móid mná riaghalta nó bráthar.
Peig.—Cá bhfios duit-se ná dhómh-sa ná gur chuir sé móid nó ceangal de’n tsórd san air féin sul a ndeachaidh sé chun cainte léi an lá úd?
Nóra.—Is mar sin a thuig Máire an sgeul, pé i n‑Éirinn é.
Peig.—Tá an ceart agat, a Nóra.
Bhí sí ag caint le máthair Mhicil cúpla lá ’na dhiaigh san, agus seo mar adúbhairt sí léi:—
“A Shiobhán,” ar sise, “nach mór an iongnadh nár inis Séadna dhuit an lá fé dheire go raibh sé ’na Chéile Dé, agus gan bheith ’ghár gcur amú’ mar a bhí?”
Síle.—Cad é an rud Céile Dé, a Pheig? Dar ndóigh ní fhéadfadh duine bheith ’na chéile ag Dia, – moladh ’s buidhchas leis!
Cáit.—Ó, go deimhin, a Pheig, d’airigheas mo dhaid mór ’ghá rádh go raibh daoine ann fadó, agus ná pósfaidís aon bhean, mar go mbídís pósta ag Dia na glóire féin; agus siné ainim a thug sé ortha, Céile Dé.
Síle.—Airiú, moladh go deó le Dia! conus a fhéadfaidís bheith pósta mar sin? Dar ndóigh ní pósadh é sin.