Peig.—Ní dócha ach deimhin, a Ghobnait. Ach má ’seadh, ní deirim gur thuig Máire Ghearra an taobh san de’n sgeul. Dá dtuigeadh, ní dócha go ndéarfadh sí an méid úd le máthair Mhicil. “Nach mór an iongnadh,” ar sise, “nár inis sé dhuit gur Chéile Dé é, agus gan bheith ’ghár gcur amú’!”
“Ní dúbhairt sé focal ar domhan liom, a bhean uasal,” arsa Siobhán, “ach gur shaoire dhuit an bás ba dhona d’á bhfuair daonaidhe riamh ’ná é féin dod’ phósadh.”
“Bhí sé thiar ag an dtigh againn, tá cúpla lá ó shin ann,” arsa Máire Ghearra, “an lá úd a bhí Micheál thiar, agus dúbhairt sé liom féin go raibh ceangal air i láthair Dé gan pósadh choídhche. Feuch anois tú, a Shiobhán,” ar sise, “tar fhearaibh an domhain mhóir bhraonaigh, cé chuimhneóchadh go mbéadh ceangal de’n tsórd san ar Shéadna? Ní raibh a leithéid d’iongnadh orm ó’n lá a rugadh mé. Geallaim dhuit,” ar sise, “gur osgail sé mo shúile dhom. An fear san go ndeirid daoine ná fuil aon chreideamh aige, agus a leithéid sin de cheangal air i láthair Dé; agus mise go bhfuil ainim an chreidimh go léir orm ag briseadh mo chroídhe a d’iaraidh teacht idir é agus Dia. Nach deas an obair í sin, a Shiobhán? Ní fheadar an tsaoghal ná’n domhan le chéile cad a bhain dom, nó cad a dhall mé; nó cad a chaoch suas m’aigne agus m’intinn, agus a rádh go ndéanfainn a leithéid. Cad déarfaid na comharsain?”
“Ná bíodh ceist ort, a bhean uasal, mar gheall ar an dtaobh san de’n sgeul. Tá sé socair cheana acu gurab é Séadna féin a chuaidh siar dod’ iaraidh, agus gur dhiúltuighis láithreach, agus ansan gur imthigh an fear bocht as a mheabhair,” arsa Siobhán.
“Aililliú!” arsa Máire, “nach gairid an mhoill ortha