Bhíos ’ghá chuimhneamh go mb’fhéidir go gcaithfeadh sí an t‑uisge te idir an dá shúil air.
Nóra.—Airiú, cad é an bheann a bhéadh aige siúd ar uisge te, agus a theó atá an áit as a dtáinig sé?
Cáit.—Tá buaidhte aici ort, a Ghobnait.
Gobnait.—Tá glan. Ní déarfad a thuille.
Síle.—Is maith é sin. Ba ghearr go mbéadh eagla ag teacht orm. Ba mhór an truagh Séadna bocht agus a leithéid d’ áirithe roimis amach.
Gobnait.—Cá bhfios duit-se, a Shíle, ar bh’ áirithe é?
Síle.—Conus é sin, a Ghobnait?
Gobnait.—Cá bhfios duit ar tháinig sé choídhche?
Síle.—’Dhe, nach air sin a dhéin sé an margadh?
Gobnait.—B’fhéidir, mar adúbhairt Cáit ó chianaibh, gur cuireadh sgannradh ró mhór air, nuair baineadh an bhúirth úd as, agus ná tiocfadh sé airís ag éileamh a mhargaidh le h‑eagla go mbainfí búirth eile as.
Síle.—’Gcloistí! Ar tháinig, a Pheig?
Peig.—Fan leat go fóil, a Shíle, a chuid, agus béidh an sgeul go léir agat díreach fé mar a thuit sé amach.
r