“Ná codail ar an gcluais sin, a Sheághain,” arsa ’n sagart. “Ní’l aithne cheart agat ar Shadhbh. Isí bean is dána d’ár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé blúire iongnadh orm, dá mba rud é go dteipfeadh an gnó so uirthi, dá ráineóchadh go bhfágfadh an duine uasal so Baile Átha Cliath ar an mbóthar aici, í a theacht os cómhair na dúithe airís chómh dána agus bhí sí riamh, ’ghá chur ’na luíghe orainn go léir go raibh fhiachaibh ar Shéadna í phósadh.”
“Agus cé chreidfeadh í, a Athair?” arsa Seághan.
“Is dócha,” arsa ’n sagart, “aoinne fheuchfadh isteach sa sgéal, ná creidfeadh sé í, ach is gnáth le daoine sgéal de’n tsaghas san do ghlacadh gan feuchaint chuige puínn. Níor ghéilleas féin riamh do ráidhtibh aoinne gur thug sé geallamhaint di, go dtí gur chuiris-se ’na luíghe orm é an lá deirineach úd a bhíomair ag trácht air. Agus táim deimhnightheach anois go raibh dearmhad ort. Táim lán-deimhnightheach, pé rud atá ag teacht idir Shéadna agus pósadh t’ inghíne-se, ná baineann sé le Sadhbh agus ná bainean Sadhbh leis, olc maith ná donaídhe.”
“Tá súil agam,” arsa Seághan, “go bpósfaidh an duine uasal so í, pé h-é féin. Níor mhór liom dó í. Dá mbéadh sí arduighthe leis go dtí an baile mór aige, ba mhór an suaimhneas ar an ndúthaigh é.”
“Tá eagal orm, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “nach mar mhaithe leis an nduine uasal bocht adeirir-se an méid sin.”
“Dáltha an chait, a Athair,” arsa Seághan. “Mar mhaithe leis féin a dheinean an cat crónán.”
“Ach ’na thaobh san a’s uile,” arsa ’n sagart, “ní fios cia’cu den bheirt, Sadhbh nó an duine uasal, is mó bhéidh beirthe ná caillte leis an bpósadh, má théidhean sé chun cinn. Má’s duine uasal fóghanta é, is fada nár