ní baoghal gur bhuail, ná gur mhothuigheadar é, ach ba dhóigh leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as na daoine a bhí ag feuchaint ar an spórt.
Ní bhfuair Séadna aon tsult ann. Bhí iomarca iongnadh air.
“A Mhichíl,” ar seisean le Micil, “imthigh suas chómh géar agus tá sé ad’ chosaibh, agus abair le Diarmuid Liath go n-oirean dom labhairt láithreach leis.”
Do ghluais Micil. Sul a raibh sé leath na páirce suas do bhuail Diarmuid uime, agus d’fhilleadar.
“Cé h-é sin i n-aonfheacht le Sadhbh?” arsa Séadna.
“Ambasa, a Shéadna,” arsa Diarmuid, “ní’l puínn aithne agam-sa air, ach gur duine uasal é ó i n-aice an bhaile mhóir.”
“Cad é an ainim atá air?”
“Síogaidhe Mac Giolla Phádraig a thugaid a mhuintir air.”
“Cé h-iad a mhuintir?”
“Triúr eile uaisle a tháinig le n-a chois.”
“Cad a thug anso iad?”
“Thánadar ar an aonach.”
“Cad chuige?”
“Ag ceannach eachradh do’n rígh.”
“Cathain a thánadar?”
“Um thráthnóna árú indé.”
“Cár chaitheadar an aimsir ó shin?”
“Bhídís amuich formhór an lae, ach is agam-sa a thugaidís an oídhche.”
“Cad é an fuadar é seo fé Shadhbh?”
“Cleamhnas atá socair idir í féin agus Síogaidhe Mac Giolla Phádraig.”