Ghluaiseadar ortha suas, Séadna agus Diarmuid Liath, cos ar chois, go tigh Dhiarmuda.
Ní raibh rómpa ann ach cruinniughadh ban agus leanbh agus seandaoine, agus an tíncéir mór ’ghá léiriughadh dhóibh cad a bhí tar éis tuitim amach.
“Cad é sin a deir sé?” arsa Diarmuid le duine acu.
“Deir sé,” arsa ’n duine, “gurab amhlaidh atá Sadhbh fuaduighthe ag muíntir an rígh, agus go bhfuil Cormac an Chaincín agus a mhuíntir imthighthe ’na ndiaigh ar cos-anáirde chun í bhaint díobh, agus í thabhairt leó abhaile, mar go raibh sí féin agus Cormac réidh chun a bpósta.”
Chuadar isteach. Ní raibh aoinne rómpa istigh. Chuireadar lámh ar dhorus an tseómra. Bhí sé daingean ó’n dtaobh istigh. D’fheuchadar ar a chéile.
“Osgail an dorus, pé duine atá ansan!” arsa Diarmuid.
“Dún-sa dorus an tíghe ar dtúis,” arsa Sadhbh—isí a bhí ann. Do dhún.
D’osgail sí an dorus agus thaisbeáin sí dhóibh í féin, agus an clóca dearg uirthi, agus sgeón inti.
“Cad é an donas é seo,” ar sise, “atá ag eiríghe dos na daoine go léir, nó an ag imtheacht as a meabhair atáid? Bhíos am’ shuídhe sa chathaoir sin ansan. Bhí Síogaidhe imthighthe amach feuchaint an bhfeicfeadh sé thusa. Ní raibh sé ach ar éigin imthighthe a’ radharc an doruis nuair airigheas an choisidheacht agus an gleó agus an t-éirleach amuich. D’fheuchas amach, agus cad do chífinn ach an t-aonach ag déanamh ar an ndorus i n-aon tsluagh