é chomáint as a mheabhair, bhí sé chómh maith agat an cogar a thugais ’na dhiaigh san dó a thabhairt an uair sin dó, dá mba mhaith leat an gnó a dhéanamh sa cheart. Níor dhéinis. Do sgaoilis thart an aimsir go dtí go raibh mo chuid airgid tabhartha uaim agam, agus an cladhaire imthighthe. Ní fhéadfadh duine d’á aicme féin an sgéal a shocarughadh dhó níos deise ’ná a shocaruighis dó é. Pé ball ’na bhfuil sé anois, ní foláir nó tá sé buidheach díot. Daoine á mhaoidheamh gur bhuadhais-se ar an saoghal mór le géar-chúis! ’Seadh go díreach!”
An fhaid a bhí an méid sin cainte ar siúbhal, bhí Séadna ’na sheasamh ar aghaidh na beirte amach. A dhá láimh lastiar d’á dhrom. É ag feuchaint anonn ar an bhfalla, agus gur dhóigh leat go raibh radharc tríd an bhfalla aige ar rud éigin a bhí lastiar de. A dhá shúil ar dian-leathadh, agus gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh a chídís radharc éigin ná feiceadh súile aon duine eile. Gan cor aige dh’á chur d’á cheannachaibh. Gan cor aige dh’á chur d’aon bhall d’á bhallaibh beatha, ach chómh beag agus dá mbéadh sé gan anam gan anál.
Nuair a chíodh daoine sa mhachtnamh san é, bhíodh sórt sgáth agus eagla ortha roimis. D’fheuch Sadhbh air. D’éist sí, d’á mhéid buinne a bhí fúithi. D’fheuch sí airís air, agus am briathar gur dhruid sí uaidh anonn tamall.
Níor dhóigh leat air-sin gur airigh sé focal uaithi an fhaid a bhí sí ag caint, ná gur thug sé fé ndeara gur stad sí, ná gur dhruid sí uaidh.
Bhí tuitim na h-oídhche ann. Bhí Cormac agus a mhuíntir gan filleadh. Bhí cuid de na daoinibh d’imthigh leó agus nár fhéad coimeád suas leó, ag teacht tar n-ais i ndiaigh a chéile. Cuid acu ’ghá rádh go raibh beirthe ar na bitheamhnaigh agus cuid acu ’ghá rádh ná raibh. Bhí gasra acu bailighthe ar lár an bhóthair ar aghaidh tíghe