Cáit.— Ciacu clú, a Ghobnait, clú na macántachta nó clú na diablaidheachta?
Gobnait.— Maith an áit go rabhais, a Cháit. Creidim go raibh an dá chlú aige ag imtheacht dó.
Nóra.— Ní fheadar, a Pheig, an raibh aon tsúil go dtiocfadh an duine uasal thar n-ais chun airgid chirt do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh.
Peig.— Is eagal liom, a Nóra, dá dtigeadh, go ndéarfadh na daoine céadna san go raibh sé chómh mór ar buile agus a cheapadar Sadhbh féin do bheith.
Gobnait.— Mhaise, a Pheig, nach breágh bog réidh a dhéinean Nóra iaracht bheag magaidh fúinn! “Ní fheadar an raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais,” ar sise, chómh maith agus dá mbéadh aon bhlúire d’á mhearbhall uirthi ná raibh aon tsúil i n-aon chor le n-a leithéid.
Nóra.— Ó! am briathar ’s ambasa, a Ghobnait, agus gan droch nídh ar mh’anam, gur de chroídhe dháiríribh atáim, feuch! Sidé atá orm. Do dhéin Mícheál Réamoinn airgead le diablaidheacht de licíníbh slinne agus thug sé do mhnaoi an tabhairne iad chun a hata dh’fhághail uaithi. Ní raibh sé sásta, ámh, i n-a aigne gan teacht airís i gcionn seachtmhaine agus airgead dleaghthach do thabhairt chuici, agus ní raibh aon iongnadh ’na thaobh air féin ná ar aoinne eile. Ach dá bhfillfeadh an duine uasal úd agus airgead fírinneach do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh, déarfaidís go raibh sé chómh mór as a chéill agus a cheapadar Sadhbh do bheith. Siné atá orm.
Peig.— Sdó’ feuch, a Nóra, tá so de dheifrígheacht idir