Gobnait.— Is beag ná go ndéarfainn leis an nduine uasal san an rud úd adúbhairt Máire Pharthaláin leis an bhfear a rug ím na bliaghna uaithi agus gan greim dlíghe aici air. “Am briathar,” ar sise, “gur maith an plan ifrean do bheith ann!”
Peig.— Ó! faire! a Ghobnait. Cá bh’fios di ná go raghadh sí féin ann!
Gobnait.— Is dócha nach ó chroídhe adúbhairt sí é, ach an fhearg do bheith uirthi, agus an chúis aici.
Síle.— Ba dhóich liom nár ghádh d’ aoinne é do rádh leis an nduine uasal do chuir amach na ’c Eóghnaigh agus do leag an sgailp ortha.
Gobnait.— Cad ’na thaobh, a Shíle?
Síle.— Mar déanfaidh Dia uaidh féin é, moladh go deó leis!
Peig.— Cad a dhéanfaidh Sé uaidh féin, a chuid?
Síle.— An duine uasal úd do chur go h-ifrean.
Peig.— Cá bh’ fhios, a Shíle, ná go ndéanfadh an duine uasal aithrighe.
Síle.— Ní dhéanfaidh aithrighe an gnó dhó gan an tigh do chur suas airís agus na ’c Eóghnaigh do chur isteach ann, slán foláin, mar bhíodar cheana, agus airgead do thabhairt dóibh tar cheann ar dhéin sé de dhíobháil dóibh.
Cáit.— Mhaise dearna leat! a Shíle. Siní an chaint go bhfuil an crot uirthi. Is truagh cráidhte gan tú ag déanamh na ndlíghthe dhúinn. Ba ghearr go gcurfá na h-uaisle ’na gcómhnuidhe, agus ba ghádh san. Agus cogar, a Pheig, dar ndóich ní dhéinid na daoine uaisle aithrighe i n-aon chor.
Peig.— Airiú, cad a chuir an rud san ad’ cheann, a Cháit?
Cáit.— ’Sdó, táim ag éisteacht riamh le n-a ndroch