Bhí sí chómh ceangailte de thaobh an fhalla agus a bhéadh an chloch ar an lic oidhir.
Do stad Séadna agus chrom sé a cheann.
“’Seadh,” ar seisean. “Táim réidh anois murab ionann a’s riamh. Ní fheadar an tsaoghal ná an domhan le chéile cad ’tá le déanamh agam. Ní fheadar ó Chúig Árdaibh na Naoi bhFionn cad a dhéanfad. D’á fheabhas aireachas a dhéanfad uirthi, tiocfaidh duine éigin dom’ lom deirig aimhdheóna, agus suidhfidh sé inte, agus béidh an dúthaigh ’na chogadh dhearg am’ thímpal! Mairbheóchar ar lic mo thínteáin féin mé gan truagh gan taise!——B’fhéidir, a dhuine uasail, go bhféadfá-sa an easgaine a bhaint díobh?”
“‘B’fhéidir go bhféadfainn an easgaine a bhaint díobh’ tar éis é féin ’ghá cur ortha le lán-chroídhe,” arsa ’n Fear Dubh go searbh. “‘Nach aige bhéadh an spórt ortha!’———Ca bhfuil an spórt anois?”
“Tá an spórt go h‑aindeis anois, admhuighim,” arsa Séadna, “ach má tá féin ní dhuit-se is cóir é chasadh liom. Is dócha nár dhéinis féin botún riamh. Cia h‑í an bhean uasal úd a mhill thú?”
“Stad! stad! a Shéadna! Caithimís uainn é mar bhotún! Bainfead-sa an easgaine dhíobh so dhuit ar choinghíll ná tráchtfair choídhche le h‑aoinne beó ná marbh ar an margadh so atá déanta agat féin agus agam-sa le chéile.”
“Bíodh do choinghíll agat agus fáilte,” arsa Séadna. “Geallaim dhuit ná fuil aon fhonn orm-sa trácht air le h‑aoinne. Is amhlaidh a bhí eagla orm go mbeidhfeá ag caidiráil le duine éigin mar gheall air. Ach má tá dúil agat sinn araon do choimeád rúin air, táim-se lán-tsásta.”
D’imthigh an Fear Dubh suas agus chrom sé síos i n‑aice