Thiomáineadar leó ar an gcuma san, ag caint agus ag áiteamh agus ag cur thré chéile, agus níor labhair Séadna focal. Choimeádadar an chaint chúca féin, agus níor mhór leis dóibh é. Ní raibh dúil ar bith aige i gcaint, le h‑eagla go sleamhnóchadh aon fhocal uaidh do osglóchadh a aigne. D’á éaghmuis sin agus uile, bhí fáth machtnaimh aige a choimeád ar siúbhal é. Bhí sé ag cuimhneamh ar an gcapall agus ar an mboin agus ar cad a déarfaidís na cómharsain uile nuair a chífidís ar marcaigheacht é. D’fhiarfhóchaidís cá bhfuair sé an t‑airgead. Cad é an leath-sgeul a bhéadh aige le tabhairt uaidh?
Nuair a shroiseadar páirc an aonaigh agus chonaic Séadna na capaill go léir, do tháinig mearbhall air, agus ní fheidir sé cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhí capaill mhóra ann agus capaill bheaga, seana chapaill agus capaill óga, capaill dhubha agus capaill bhána, capaill ghlasa agus capaill bhreaca, capaill ag siosaraigh agus capaill ag léimrigh, capaill a bhí go deagh-chroicinn groidhe cumasach agus braimíní gránda giobalacha. Eatortha uile go léir, bhí sé ag teip air glan a aigne do shocarughadh ar an gceann a thaithneóchadh leis.
Fé dheire, do leig sé a shúil ar chapall dheas chíor-dhubh a bhí go fuinte fáisgithe ag falaracht ar fuid na páirce agus marcach éadtrom lúthmhar ar a mhuin. Dhruid Séadna suas, agus do bhagair sé ar an marcach. Sul a raibh uain ag an marcach é thabhairt fé ndeara, do ghluaiseadar triúr marcach eile thairis amach, agus ghluaiseadar a gceathrar an pháirc siar ar a léim-lúth. Bhí claidhe dúbalta idir iad agus an pháirc amuich, agus d’imthigheadar a gceathrar go h‑éasga éadtrom seólta de dhruim an chlaidhe sin, gan bárr coise tosaigh ná deirigh do chur ann. Siúd ar aghaidh iad lom díreach agus gan órlach sa mbreis ag aoinne acu ar a chéile. Siúd