sguab san thíos amach tú.” D’aimsigh Tadhg a bhata, agus do labhair Micheál leis an sguaib. Sheasaimh Tadhg i lár an tíghe. D’eirigh an sguab agus thug sí iaracht ar é bhualadh idir an dá shúil. Bhí an bata go maith agus an chuisle láidir, agus ambasa chosain Tadhg a cheann agus a cheannacha, ach do bhuail sí ins na cosaibh é, agus do bhuail sí ins na loirgnibh é, agus do bhuail sí ins na glúinibh é, agus do bhuail sí ins na ceathramhnaibh é, agus ins a’ drom, agus ins na h‑asnaigheachaibh, i dtreó ná feidir sé ar ball cad a bhí ag imtheacht air. Fé dheire do liúigh sé an dorus d’osgailt dó, agus geallaim dhuit gurabh é b’fhada leis go raibh sé amuich.
Síle.—Bhí an lámh a bhí sa sguaib ró láidir dó!
Cáit.—Is mór an iongnadh san go deimhin! B’fhéidir dá bhfaigheadh Tadhg radharc ar an t‑é go raibh a lámh inti, ná raghadh an sgéal chómh saor leis agus chuaidh. Agus feuch i leith orm, a Ghobnait. Conus fhéadfadh licíní slinne dhéanamh d’airgead Shéadna, agus nach de licíníbh slinne a déineadh é?
Gobnait.—Cá bhfios duit, a Cháit, cad de gur dhéin fear na n‑adharc é? Dar ndóich, tá a fhios ag an saoghal nach go macánta ná go dleaghthach a fuair sé é.
Peig.—Pé cuma ’na bhfuair sé é, níor dhéin aon licíní slinne dhe, nó má dhéin, níor fhanadar i bpócaíbh Shéadna. Bhíodar san folamh go leór aige nuair a bhí sé ag fághail an leathair ó Dhiarmuid Liath. Fuair sé an leathar agus an chéir agus an snáth, agus thug sé aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit go raibh an mhórdháil bainte dhe glan.
Nuair a tháinig sé abhaile, agus é go tuirseach tnáithte troma-chroídheach, agus nuair a chonaic sé an chathaoir agus